D. Hrapof aistriúchán Gaeilge le Peter Makarov

Cur síos ar an bhfoclóir

Comhcheanglaíonn Geiriadur 0.4 inneall an fhoclóra agus córas eagarthóireacht an fhoclóra. Forbraíodh é mar ghléas le foclóirí Breatnais-Rúisis agus Rúisis-Breatnais a dhéanamh, ach féadtar é a úsáid le haghaidh teangacha eile, m. sh., le haghaidh na Briotáinise nó na Gaeilge.

Is focail agus aistriúcháin iad dhá aonad bhunúsacha an chórais.

Is cúpla focal nó focal in éindí le míniú é an t-aistriúchán. Féadtar samplaí a chur ar fáil.

Is sraith litreacha gan scaradh, a bhfuil ciall neamhspleách i dteanga éigin aici, é an focal. Is féidir fogharscríobh is cúpla cáilíocht (inscne, gné srl.) a bheith ag an bhfocal; tá stoc grafach amháin, nó breis, agus foirmeacha mírialta tugtha anseo freisin. Cruthaítear foirmeacha rialta go dinimiciúil ag nóiméad an chuardaigh as na stoic agus as na foircinn atá stóráilte i mbunachar sonraí an fhoclóra.

Tuigeann an córas athruithe tosaigh agus litrú difriúil (meancóga, Béarla Meiriceánach, an Mheánbhreatnais srl.).

Mura bhfuil toradh ar bith ar an gcuardach díreach, déanfaidh an córas cuardach iompaithe nó molfaidh sé croschuardach trí theanga eile ("Желаете попробовать перекрестный поиск?").

Cuid de staitistic an fhoclóra atá ar fáil anseo. In Geiriadur faoi láthair atá:

Tá na foclóirí Béarla-Rúisis agus Breatnais-Béarla feidhmiúil ar fad. Is é an sampla ná go bhfuil an córas úsáideach agus soláthraíonn sé aistriúcháin ón mBreatnais go dtí an Rúisis trí Bhéarla (ní gá dhá fhoclóir scartha a úsáid). Má tá cearta go leor ag úsáideoir, tá sé/sí in ann ordú don chóras na haistriúcháin chearta a shábháil. Bíonn thart ar fiche péire aistriúchán ar a laghad á gcruthú mar sin chuile lá (sampla).

Thairis sin, tá úsáideoir in ann aistriúcháin a chruthú ag toghadh focal as an liosta. B'fhéidir go mbeidh an modh seo an-rathúil ag cruthú na bhfoclóirí Briotáinis-Rúisis agus Rúisis-Briotáinis.

cód foinse an chórais (Ailtireacht Choiteann Bróicéara Iarratas ar Oibiachtaí) ar fáil ar choinníollacha GPL (téasc oifigiúil Béarla, aistriúchán Breatnais).

bunachar sonraí an fhoclóra ar fáil ar choinníollacha GNU FDL (téasc oifigiúil Béarla, aistriúchán Breatnais).